top of page

Nuachtlitir

January 2022

SCÉAL MAITH U DTÚS NA BLIAINA 


Scéal maith againn dhibh ag tús na bliana 2022. Tá muid inann deimhniú a thabhairt anois go mbeidh an fhorbairt ar dhá áis eile ag shuíomh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach ag tosaí i mbliana.

• Táthar le Ionad Taispeáintis a thógáil ar thaobh na láimhe clé – agus tú ag teacht aníos ó shráid Charna – den Ionad. Beidh eolas, áiseanna cluas-amhairc agus taispeaintisí eile a thabharfaidh léargas ar an imirce san Ionad seo.

• Beidh Gáirdín Cuimhneacháin na nImirceach dá fhorbairt ar an gcnocán ó dheas den Ionad. Beidh suíocháin agus cosáin sa nGáirdín seo agus amharc breá as, siar i dtreo an Atlantaigh. Feisteofar séadchomhartha ann freisin in omós do imirceoirí agus dá sliocht ar fud an domhain.

Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltacht, Micheál Ó hÉanaigh go mbeidh an tÚdarás ag dul i mbun na hoibre seo i gcomhar le Coiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach. Tá cead iomlán pleanála ar fáil le haghaidh an dá thógra seo, agus le haghaidh aon obair bhreise atá ag teastáil, mar chuid den scéim oibre uilig,

Beidh na háiseanna seo ar fáil do mhuintir na háite agus don phobal.

Ní féidir aon bhuille chruinn a thabhairt faoin dáta a dtosóidh an obair seo i mbliana ach tá muid ag súil gur féidir tosaí luath go maith sa mbliain. Caithfear cuid de shuíomh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach a dhúnadh le linn don obair seo a bheith ar bun. Chuile sheans go mbeidh an carr chlós dúnta don phobal agus go gcaithfear caranna a pháirceáil ar thaobh an bhóthair aníos as sráidbhaile Charna.

BEOCHT AGUS BORRADH I 2021.

Cé go raibh an saol thrína chéile ag an víreas Covid i rith na bliana seo caite, d’fhan beocht agus borradh faoi obair an Ionaid i 2021. Tá go leor den bhuíochas ag dul do Eileen Davis a choinnigh croí agus anam san Ionad beagbeann ar na deacrachtaí uilig.

• Mhéadaigh dualgaisí an Ionaid go mór sa méid agus gur ainmnígh Údarás na Gaeltachta é mar Ionad Diaspóra na Gaeltachta – poinnte lárnach don Diaspóra sna réigiúin Ghaeltachta. Cruthaigh sé seo páirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus Coiste an Ionaid i reachtáil na seirbhíse.

• Ceapadh Shane Ó Maoildhia mar Oifigeach Diaspóra Gaeltachta anseo san Ionad agus tacaíocht airgid don cheapachán sin tugtha ag Údarás na Gaeltachta. Beidh bailiú eolais do Ghréasán nua eolais faoin nGaeltacht uilig ar cheann de na dualgais a bheidh ar Shane.

• Beidh staidéar iomlán ar ghné eile den imirce as an nGaeltacht – staidéar atá molta ag Stiúrthóirí an Ionaid – ag tosaí go luath. Baineann an staidéar seo leis an gcaoi a dtéadh daoine as Gaeltachtaí éagsúla na tíre ag obair ar na monarchana biatais i Sasana san aimsir a caitheadh ó aimsir an Dara Cogadh go dtí deireadh na 1970óidí.

• Tugadh ról do Mhicheál Ó Clochartaigh i bhforbairt agus i ríarachán an Ionaid le linn na bliana mar chuid dá chúramaí mar cho-ordnaitheoir ar Phlean Forbartha 5 Bhliana Údarás na Gaeltachta sa gceantar.

Ár ndóigh, tá mísc go leor déanta ag an víreas Covid ar obair Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, ach níor stop sé muid ónár seacht ndícheall a dhéanamh. Rinneadh an obair seo leanas i 2021 beagbeann ar Covid:

• Reachtáileadh Comhdháil Idirnáisiúnta faoi téama “Lorg Chonamara ar Pholaitíocht Mheiriceá” i mí Dheireadh Fómhair. Bhí cuid den chomhdháil san Ionad i gCarna agus tuilleadh den chomhdháil ar an gcóras fíorúil- an ríomhaire. Sé Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta a d’oscail an ócáid go hoifigiúil agus imeasc na n-aoí chainteoirí bhí: an Feisire Stáit i Maine, Margaret Craven; an tOllamh le Stair agus Údar as Portland i Maine, Michael Connolly; an Léachtóir le Dlí in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh – agus Údar agus scribhneoir faoi pholaitíocht Mheiriceá – Larry Donnelly; Seandálaí agus Stairí, Erin Gibbons; gníomhaí polaitíochta i mBoston, Jimmy King. Bá é Máirtín Ó Catháin, cathaoirleach thionscnaimh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta, an Cathaoirleach ar an gCómhdháil.

Reachtáileadh an Chomhdháil seo in aonturas i 2021 mar chomhartha aitheantais don stadas mór atá bainte amach ag beirt de bhunaidh na háite seo sa bpolaitíocht sna Stáit Aontaíthe – sin iad Marty Walsh (an Rúnaí Saothair i Rialtas Joe Biden) agus Denis McDonough (an Rúnaí do Chúram na n-iar shaighdiúirí i Rialtas Biden). Mar a thárla sé, níor éirigh le ceachtar acu a bheith linn sa deireadh ó thárla gur theastaigh siad chomh géar sin i Washington! Bhí Bille mór Infreastruchtúir da theorú thrí Thíthe na Cómhdhála. D’éirigh leis an mBille!

• Tá Cúrsa sa Stair Áitiúil ar bun san Ionad agus cáilíochtaí foirmeálta oideachais bainteach leis. Thosaigh sé i mí Mheán Fómhair, 2021. Tá ós cíonn scór cláraíthe ar an gcúrsa. Údarás na Gaeltachta agus Coiste Oiliúna agus Oideachais na Gaillimhe agus Ros Comáin –oifig Ros Muc - chomh maith le Ionad Cuimhneacháin na nImirceach atá ag stiuriú an chúrsa seo. Tagann cainteoirí éagsúla chuig na ranganna agus tugann siad léachtanna faoi ghnéithe éagsúla den stair.

• Leabhar bliantúil “Iorras Aithneach 2021”.
Cé nach mbaineann leabhar Iorras Aithneach le comhlacht an Ionaid, déantar go leor den obair a bhaineann leis san Ionad ó thárla spás agus áiseanna a bheith ar fáil. Is fada anois iad Coiste an leabhair ag tabhairt sintiúisí do Choiste an Ionaid. Bíonn tóir ar leith ar an leabhar bliantúil sa mbaile anseo, agus imeasc na ndaoine atá as baile ar fud na hÉireann, no thar lear. D’éirigh go maith le leabhar na bliana seo. Bheadh sé fior-thábhachtach - ar chúiseanna go leor – go leanfaí ar aghaidh ag foillsiú leabhar bliantúil “Iorras Aithneach”; tá croí an phobail ann agus tugann sé stadas agus aitheanta doh cheantar seo uilig.

AN TIONSCNAIMH CAIRDEAS.

• Leagadh an bhunchloch don scéim Cáirdeas nuair a theagmhaigh an víreas Covid don domhan uilig beagnach dhá bhliain ó shin. Eagraíodh lámh chúnta thart anseo do dhaoine a bhí sáinníthe ag an dianghlasáil. Chuir roint daoine sa gceantar lámh ina bpócaí féin agus cuireadh ciste le chéile. Tá aitheantas oifigiúil fáighte ag an tionscnaimh ó shin agus tá an Stát ag tacú leis anois. Bunaíodh comhlacht leis an tseirbhís a reachtáil.

Cuirtear áiseanna Ionad na nImirceach agus Diaspóra ar fáil le haghaidh codanna den obair agus bhí Bainisteoir Tionscnaimh an Ionaid, Eileen Davis chun tosaigh ó thús san iarracht. Cuireadh amach ionann agus 80 máilín bia agus srl ar fud an cheantair gar don Nollaig agus baineadh leas as an Ionad le haghaidh na seirbhíse sin. Tá Máirín Ní Choistealbha-Seoige (FCL) agus Bridgie McTavish ( GRETB) i lár báire freisin san iarracht seo.

Scéim iontach oibre í seo agus tá Ionad na nImirceach agus Diaspora an-bhródúil as a bheith bainteach leis.

• Tá rang fuála agus obair phaisteoireachta ar bun san Ionad le roint míonna agus cé go bhfuil an víreas Covid ag cur socruithe thrína chéile scaittí, tá ag éirí go maith leis na ranganna. Tá obair bhreá ar bun ann agus is deas an deis é ag daoine le theacht le chéile freisin.

• Táthar ag leagan amach réamhphlean le haghaidh staidéar cuimsítheach ar reiligeacha sa taobh tíre as Inis Nídh chomh fada ó dheas le Camus. Tá an tOifigeach Tionscnaimh atá againn – Eileen Davis - ar dhuine den dream atá ag iarraidh an obair seo a chur chun cinn agus táthar ag súil gur féidir airgead a fháil le n-aghaidh i mbliana. Ar ndóigh, ba bhreá an rud é do phobail ar fud an cheantair go mbeadh cuntas chomh maith ag a bhféidir ar na reiligeacha. Tá a leithéid de scéim ag luí isteach freisin le mianta agus le cuspóirí an Ionaid seo againne i gCarna; is minic go bhfáigheann daoine atá sa tóir ar a ngaolta an chéad leide futhu sa reilig áitiúil.

• Cuidíonn an tIonad Imirce agus Diaspóra leis an iarracht go dtabharfaí stadas mar bhaile seirbhísí Gaeltachta don Chlochán. Beidh an tOifigeach Tionscnaimh atá againne, Eileen Davis, ag tacú le grúpaí atá bainteach leis an iarracht sa gClochán.
Dháiríre, bhí an Clochán i gcónaí ina bhaile seirbhísí Gaeltachta mar go bhfuair muintir an taobh seo tíre seirbhísí agus earraí éagsúla ansin. Is fiú go mór tacú leis an iarracht seo le branda Gaeleach a chur ar an gClochán agus iomhá níos láidre teanga a chur air an mbaile sin.

• Bíonn ceangail rialta idir an tIonad i gCarna le gluaiseachtaí Éireannacha i Meiriceá – go háiríthe iad seo a bhfuil ceangal acu leis an nGaeltacht- ar an gcóras fíorúil. Bíonn an dream i Portland i Maine (a bhfuil ceangal foirmeálta acu leis an Ionad i gCarna) ar cheann de na dreamanna a bhíonn páiteach sa gcómhrá tras Atlantach seo. Tá clár ginealachais Gaeltachta acu ansin agus cuidíonn na ceangail rialta le Conamara leo ar an taobh eile den Atlantach.

• Ta áthas orainn gur ag comhdháil anseo cupla bliain ó shin a spreagadh beocht in athuair sna ceangail atá ag Gaeltacht Chonamara le le Stát Minnesota. Chuaigh go leor daoine as Gaeltachta Chonamara go Minnesota le linn do na scéimeanna tacaíochta imirce a bheith ar bun sna 1880óidí. Tugadh aitheantas mar chuid thábhachtach d’oidhreacht chathair St Paul don áit ar ar tugadh an “Conamara Patch” sa gcathair sin, fadó. Cuireadh comhartha ansin agus beidh a mhacasamhail sin i nGáirdín Cuimhneacháin na nImirceach le taobh an Ionad ach a mbeidh an Gáirdin sin forbartha.

• Ní féidir le IOnad a bheith Gaeleach dháiríre go brách gan cluiche cártaí 25 a bheith ann!! Tá cluiche 25 bunaithe ag an Oifigeach Tionscnaimh, Eileen Davis anois agus tá sé cloistíthe againn go bhfuil imirt ghéar ann agus an-spraoi ann lena chois sin. Go mba fada mar sin é.

CÚRSAÍ AIRGEADAIS.

Ceist mhór é an tairgead i gcónaí in iarrachtaí den chineal seo. Tá dhá iasacht le n-íoc ar ais.

• Baineann ceann acu leis an áisíneacht airgeadais sóisialta, “Clann Credo”. Beifear ag déanamh na haisíocaíochta sin faoi cheann cupla seachtain.

• Iasacht phearsanta atá sa gceann eile a tugadh don Choiste ionann agus 4 bliana ó shin. Tá suim réasúnta mór i gceist ansin. Táthar ag súil go n-aisíocfar an iasacht sin i mbliana ach teastaíonn plean cinnte le láimhsiú a dhéanamh ar an gcás sin má bhíonn moill mhór i gceist.

AN BHLIAIN SEO AMACH ROMHAINN.

Sí an chuspóir mhór ná go gcuirfí tús gan mhoill le méadú an Ionaid agus réiteach an Gháirdín ar an gcnocán. Ní dóigh go dtiocfaidh mórán cuairteoirí – as tíortha thar lear ar aon nós – i mbliana de bharr an víris Covid. Ach caithfidh muid breathnú chun cinn. Beidh pleananna le leagan amach agus staidéar le déanamh ar na bealaí a gcuirfear na pleananna sin i gcrích.

Rud an-tábhachtach eile: tá iarrachtaí ar bun le súil agus go mbeidh córas buan airgeadais againn sa gcaoi agus gur féidir an fhoireann oibre a mhéadú de réir a chéile. Ba cheart go dtabharfadh 2022 barúil níos fearr dúinn faoin toradh a bheidh ar an iarracht sin.

BUN CHUSPÓIRí AN IONAID .

Ní féidir linn a ligean i ndearmad go brách go raibh údar an-mhór le tógáil an Ionaid – sin ómós a thabhairt do na himircigh agus a sliocht agus a gcuimhne a choinneail beo agus slán i gcónaí. Ar ndóigh, tá ceangal leis an Diaspóra mar cheann de phríomh pholasaíthe Údarás na Gaeltachta.
Lena chois sin uilig, bhíothas ag iarraidh go gcuideodh an tIonad le saol an phobail seo, agus saol phobal na Gaeltachta ar chuile bhealach; caithfear coinneail ag obair i dtreo na sprice sin
Go raibh saol maith agaibh uilig i 2022 agus go mba fearr a bheidh sin an t-am seo aríst. 

bottom of page